Scoil Naomh Pádraig Cloch Breac

Go to content

Main menu

Eolas Gineralta

Eolas

Is scoil beag gaeltachta muid suite ar an gClochbhreac  i gContae na Gaillimhe.Táimid tuaraim ’ s 6km ón Fháirche ‘s 6km o Chorr na Mona.Táimid ar bhruach Loch Measc ‘s tá an Sliabh Binn Éibhe taobh thiar den scoil.Is scoil mheascaithe  í Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig.

Osclaíonn muid ag 9:10r.n. agus dúnann muid ag 2:50i.n.

Tá na ranganna in san scoil roinnte ina dhá ghrúpa.
Na Naíonáin go dtí Rang a dó: Múinteoir, Aisling Uí Néill
Rang a trí go dtí Rang a sé:  Príomhoide/ Múinteoir, Gearóidín Uí Fhiric
Múinteoir tacaíochta foghlama: Irene Uí Ghábháin & Máire Jane Ni Chéitinn
Múinteoirí Achmhainne; Máirin Ni Mhuilia & Elaine Ni Mhaicin
Rúnaí: Máire Nic Aodhgáin,Múinteoir peil ; Bernadette Ní Chearnaigh, Múinteoirí damhsa & Ceol ; Catherine Ni Cholmáin & Máire Ni Fhinn , Airíoch ; Máire Ní Choirbín

Éide scoile:
Geansaí gorm, t-léine bán agus brístí no brístí reatha dubh/dubhghorm.
Is féidir na héide scoile  a fháil i Ken Murphy’s i mBaile an Róba

Tá neart spóirt, ceol ‘s drámaí ar siúl anseo sa scoil. Tá foireann peil, sacar, rith trasna tíre agus cúillí againnn .

Téann muid ag snámh ar feadh 8 seachtainí sa chéad téarma. Cuireann muid dráma ar siúl gach Nollaig. Ta banna ceoil sa scoil ‘s glacann muid páirt sa pharáid La Fhéile Pádraig chuile bhliain.

Foghlamaíonn gach pháiste ó rang 1 ar aghaidh an fheadóg s agus bíonn an deis acú an méarchlár an bosca ceol agus na drumaí a sheinnt.Bionn ranganna damhsa gaelach agus sean-nós ar siúl sa scoil agus foghlamaíonn siad seiteanna agus damhsaí ceilí chomh maith.

Glacann muid páirt i comortas eolaíochta chuile bhliain agus cuireann muid ranganna gleacaíochta  ar fáil.

Tá ceithre brat glas fáighte againn ‘s  táimid ag obair ar an cuigiú ceann faoi láthair. Tá gáirdín againn agus cuireann muid glasraí ann.


 
Back to content | Back to main menu