Scoil Naomh Pádraig Cloch Breac

Go to content

Main menu

2012-2013 -1

Nuacht

Chuaigh muid chuig Ceolchoirm Ceolann RTE  i gCaisleán a Bharraigh ar an 14ú d'Eanair. Bhí Gearóid Grant mar stiúrthóir agus chonaic muid goleor gléasanna ceoil;,gléasanna téad, gléasanna práis agus gaothionstraimí agus cnaguirlisí. Bhí an-lá againn. i ndiaidh an ceolchoirm fuair muid rúinne le nithe i Supermacs agus ar aghaidh linn ansin chuig ár rang snámh.



Seo pictiúirí den lá a ndeachamar go Loch Coolin le hÚna . Is ansin a fháigheann muintir na háite a gcuid uisce. Bhi goleor raithneach ag fás ar an mbealach suas 's nuair a shroich muid an barr chonaic muid an tSeanbhaile thuas ann . Bhi an siúloid an-spéisiúil.

Páirc Náisiúnta Chonamara
Chuaigh múid go Páirc Náisiúnta Chonamara i Leitirfrac ar an Aoine 19ú d’Aibreáin.
D’fhág múid an scoil ag 9:15r.n ar bhus Luke Kavanagh. Bhí an lá go deas.
Bhí athrú  éadaí agus buataisí againn uilig ach ní raibh gá leo.
Nuair a shroich muid an pháirc bhí sé timpeall 10.30.
Bhí páirc spraoi ansin agus chuaigh muid isteach ann ar feadh cupla nóiméad . Ansin bhí rúinne beag le nithe againn.
Rinne múid fiach scavenger.Bhí orainn rudaí éagsula a aimsiú sa thimpeallacht.
Ansin rinne muid scrúdú beatha locháin.
Bhí spúnog agus gloine formheadú an duine againn.
Rinne muid scrúdú ar na feithidí  agus rudaí beo a bhí san uisce.
Is í Carol an t-ainm ar an mbean a bhí i bhfeighil an turas. Ag  deireadh an lae chuaigh múid ar shiulóid.
Tá 3 siulóidí ann. Tógann an ceann is faide 3 uair a chlog  é a dhéanamh. Rinne múid an ceann is giorra.
Bhí múid arais ag an scoil ag a 3 a chlog.

Reading Buddies ;
Rinneamar é seo sa tearma deireannach. Fuair muid uilig Buddy agus léigh muid leo. Thaitin sé go mór le beag  agus mór.

Back to content | Back to main menu